Thursday 26 February 2015

Ollchruinniú 7 Márta




Beidh Ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge Dé Sathairn 7 Márta, 11.00-15.30 san Amharclann,  Institiúid na hÉireann, Teach an Phiarsaigh, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2
Tá dréachtaí ón Choiste Stiúrtha le dul os comhair an chruinnithe le leasú nó le glacadh leo trí vótáil agus tá oifigigh agus Coiste Stiúrtha 2015 le toghadh (Coiste Stiúrtha sealadach a toghadh an an ollchruinniú i mí Eanáir). Iarrtar ar scríbhneoirí na cáipéisí  a scrúdú roimh ré agus má tá leasuithe le moladh iad a bheith réidh agaibh chun cabhrú le héifeacht an chruinnithe. 
Muna bhfuil tú ar liosta ríomhphoist an Aontais fós, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar gaelscríobh@gmail.com agus cuirfear cóip de na cáipéisí chugat in am tráth.
Má tá daoine sásta glacadh le hainmniúchán nó seasamh don choiste ach gan a bheith in ann freastal ar an chruinniú, cuirtear sin in iúil dúinn i scríbhinn, le do thoil, ag an ríomhphost luaite cheana, gaelscríobh@gmail.com 

N.B.
De bharr gur gá do dhuine bheith ag príomh-dhoras Theach an Phiarsaigh chun daoine a scaoileadh isteach chuig an Amharclann ar chúl an tí, iarrtar ar dhaoine a bheith i láthair in am. Is féidir casadh le chéile sa Trinity Inn Hotel béal dorais má thagann tú móran roimh am. Mar a cheile tar éis an tsosa don lón.
Tá súil againn go mbeidh ar do chumas a bheith ann chun páirt a ghlacadh sa phlé agus a bheith ar ais linn, i ndiaidh béile a chaitheamh, san Amharclann don ócáid liteartha agus cheoil atá á reachtáil ag Imram, 18.00-20.00 agus d'fháiltiú fíona.

No comments:

Post a Comment