Monday 11 May 2015

IMRAM



Tá iarratas againn ó Liam Carson, stiúrthóir Imram, an fhéile litríochta Gaeilge.
Tá Imram ag eagrú roinnt ócáidí litríochta Gaeilge agus dátheangacha mar chuid d'Fhéile Idirnaisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath agus ba mhaith linn a chinntiú go mbíonn freastal maith ar na hócáidí Gaeilge. Muna dtagann daoine, beidh leithscéal ann gan imeachtaí Gaeilge a bheith acu amach anseo.
Cuirimis i gcuimhne chomh maith go mbeidh cruinniú d'Aontas na Scríbhneoirí ar siúl ar 13 Meitheamh 2015.
Má tá aon ábhar a ba mhaith le baill an Aontais a phlé ag an chéad ollchruinniú eile (13 Meitheamh), cuir chugam go luath iad le bhur dtoil. Tá súil againn aoíchainteoir a bheith againn an lá, mar aon leis an chruinniú oifigiúil agus le hócáid liteartha/sóisialta san oíche.
Cuirfear clár an chruinnithe amach seachtain roimh ré nó mar sin.