Monday 26 October 2015

Citywest, Satharn 31 Deireadh Fómhair



Beidh ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge i Citywest, Baile Átha Cliath maidin Dé Sathairn 9.30-11.00. 
Beidh fáilte roimh bhaill nua agus is féidir clárú leis an chisteoir ag an doras.


Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge – ag cothú na cruthaitheachta

Ní gá go mbeadh saol an scríbhneora aonaránach. Bí páirteach linn sa chomrádaíocht a thagann as comhairle agus taithí a roinnt le chéile chun  saol an scríbhneora Gaeilge a éascú. 
 
Tá fáilte roimh gach scríbhneoir a shaothraíonn sa Ghaeilge in Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, a bunaíodh in 2015 le freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag údair ó cheann ceann na tíre. Cuireann an tAontas roimhe comhoibriú le dreamanna eile le scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt agus a seasamh a ardú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

De réir a chéile, le do chuidiú, beidh muid in ann seirbhísí éagsúla a thairiscint: gréasán cumarsáide agus eolais a sholáthar, bunachair sonraí a choinneáil faoi dheiseanna maoinithe  agus faoi fhorbairt ghairmiúil. Déanann an tAontas ionadaíocht thar ceann na scríbhneoirí agus idirbheartaíocht le foilsitheoirí agus institiúidí cultúrtha éagsúla atá tábhachtach do shaothar an scríbhneora Gaeilge.  

Gréasán cumarsáide agus sóisialta do scríbhneoirí
Eolas faoi dheiseanna maoinithe – sparánachtaí, scéimeanna cónaithe srl 
Rátaí íocaíochta cuí agus cearta a bhaint amach do scríbhneoirí
Lacáistí do bhaill ar chúrsaí agus ar imeachtaí éagsúla
Ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí a saothar a léamh agus a phlé
Forbairt suíomh idirlín do bhaill
Idirbheartaíocht le heagrais agus institiúidí 
Réiteach plécháipéisí agus aighneachtaí

Tá aighneachtaí scríofa agus curtha i láthair RTÉ agus Foras na Gaeilge agus cáipéisí eile á réiteach do TG4, Oireachtas na Gaeilge agus do na Comhairlí Ealaíon. Tá ról anois againn i bhfeidhmiú scéimeanna éagsúla, ar nós ócáidí Leabharlanna, a thugann deiseanna do scríbhneoirí dul os comhair an phobail.

Tá an tAontas rannpháirteach in Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus lacáistí ar fáil ag na baill do chúrsaí agus imeachtaí eile ansin agus cead cur isteach ar sparánacht Jack Harte in Ionad Tyrone Guthrie. Le breis tacaíochta agus comhoibriú leis na heagrais eile i ngort na litríochta agus i saol na Gaeilge, beidh muid ag cur leis na buntáistí ballraíochta agus leis na seirbhísí a chuireann an tAontas ar fáil.

Bíonn ollchruinniú ann ceithre huaire sa bhliain, a thugann deis do na baill ábhair éagsúla a bhaineann le saol an scríbhneora a phlé agus tuairimí na scríbhneoirí a chur os comhair lucht riaracháin  agus maoinithe i saol na litríochta. Tugtar ardán d’údair saothar nua a léamh go poiblí agus saothar litríochta a phlé go neamhfhoirmeálta.

Tugann Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge  cuireadh duitse a bheith páirteach san obair seo, is cuma cén cineál scríbhneora tú, úrnua nó seanbhunaithe, ag scríobh don chló nó don scáileán, ag plé le ficsean nó neamhfhicsean nó ag scríobh aistí nó scéalta do pháistí. Is féidir linn a bheith ag cuidiú agus ag foghlaim óna chéile. Ní neart go cur le chéile. 
 

Sunday 4 October 2015

Duais Filíochta Aurivo/North West Words/Ealaín na Gaeltachta 2015

Micheál Mac Aoidh (Ealain na Gaeltachta) -Breid Lindsay & Gary O'Donnell (Donegal Creameries) Nick Griffiths & Annmarie Gallagher (North West Words)


Duais Filíochta Aurivo 2015, i gcomhar le North West Words agus Ealaín na Gaeltachta

Duais €250 agus Gradam Filíochta Aurivo le bronnadh ar an mbuaiteoir



Treoirlínte agus rialacha an chomórtais

Ní foláir gach iarracht a bheith ina saothar úrnua de chuid an iarratasóra féin agus ní foláir nár fhoilsíodh cheana é ach oiread; bíodh sna meáin nó féin-fhoilsithe. Ní ghlacfar le dánta a bhain gradam amach i gcomórtas roimhe seo. Ní mór go mbeidh an t- iarratasóir níos aosta ná 18 bliain d’aois.

Trí dhánta an t-uasmhéid a ghlacfar ó gach iarratasóir.

Seol d’iarratas chugainn agus cur litir clúdach leis. Bíodh d’ainm, sloinne, seoladh agus uimhir ghutháin agus/nó seoladh ríomhphoist ar an litir clúdach sin, mar aon leis teidil na ndánta. Ná chuir d’ainm nó aon shonraí pearsanta eile ar an leathanach/leathanaigh atá na dánta scríofa orthu.
Caithfear na dánta a bheith faighte roimh an spriocdháta. Sé sin an Aoine 27 Samhain, 2015

Gearrfar táille €5 ar gach iarratas (uasmhéad 3 dhán). Eagraíocht neamhbhrabach is ea North West Words agus de dheasca sin, rachaidh an airgead a bhaileofar i dtreo na gcostas a bhaineann le riarachán an chomórtais. Ní íocfar táille leis an scríbhneoir.

Níl cead aon leasuithe a dhéanamh tar-éis do na hiarratais a bheith déanta. Ní seolfar na hiarratais ar ais chuig an iarratasóir.

Is é Seán Tadhg Ó Gairbhe moltóir an chomórtais i mbliana. Seasann gach rogha agus cinnidh a dhéanann na moltóirí agus ní cheadfar aon teagmháil nó chumarsáid leo maidir le cinnidh an chomórtais. Cuirfear amach as an iomaíocht aon iarratasóir a dhéanann iarracht teagmháil a dhéanamh leis na moltóirí.

Roghnófar gearrliosta ar an 21/22 Nollaig, 2015. Foilseofar an gearrliosta sin ar leathanach Facebook North West Words agus ar chlár fógraí Chafé Blend, Leitir Ceanainn. Reáchtálfar babhta ceannais an chomórtais i gCafé Blend, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar an Déardaoin 28 Éanair, 2016; áit a fhógrófar an buaiteoir agus a bhronnfar na nduaiseanna. Cuirfear an buaiteoir ar an eolas roimh an dáta sin.

Má ndéantar iarratas, glactar leis go nglacann an t-iarrasóir le rialacha agus coinníollacha an chomórtais.

Íocaíocht: Paypal ( gabh chuig http://northwestwords.com/ ), nó seic nó ordú poist.ordú airgid.

Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Micheál Mac Aoidh ag 074 9558025.