Monday 26 January 2015

Eanair 2015 - an chéad chruinniú



Tuairisc ar 17 Eanair 2015

Tionóladh cruinniú bunaithe Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge  in Áras na Scríbhneoiri in Éirinn, Baile Átha Cliath  Dé Sathairn 17 Eanáir, 2015.

Ghlac Cathal Póirtéir, eagraí na hócáide, an chathaoir agus chuir sé fáilte roimh an leathchéad duine a bhi i láthair agus chuir in iúil go raibh leithscéalta agus teachtaireachtaí dea-mhéine ó dha scór eile.

Mhínigh Cathal an gá a bhí leis an Aontas le scríbhneoiri agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun tosaigh.

Thug Anna Heussaff paipéar ar chúrsaí aistriúcháin, léigh Cathal Póirtéir tuairisc Robert McMillen (nach raibh i láthair de bharr cúrsaí aimsire) ar thacaíocht don scríbhneoir Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus thug Alan Titley caint spreagúil roimh am lóin.

San iarnóin bhí trí phléghrúpa ann a bhain leas as cainteanna na maidne agus cáipéis ar na moltaí a tháinig ar r-phost mar thúsphonte da bplé féin ar ASG agus cad a ba choir don Aontas díriu air. Rinne na grúpaí tuairisc ar ais agus bhí plé oscailte ina dhiaidh sin.


Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go hoifigiúil agus togadh Coiste Stiúrtha sealadach (go ceann trí mhí nó mar sin) ar a bhfuil Cathal Póirtéir, Antain Mac Lochlainn, Éilís Ní Anluain, Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh, Réaltán Ní Leannáin, Proinsias Mac a Bhaird agus Alan Titley.

Rinneadh trácht ar an chruinniú seo san Irish Times, in Tuairisc agus TG4.