Tuesday 10 February 2015

Cruinniú, 7 Márta 2015




Tá obair Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag dul ar aghaidh ón uair a bhí an chéad chruinniú againn in Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir. Bunaithe ar an phlé agus an tuairimíocht a tháinig chun tosaigh an lá sin, tá baill den Choiste Stiúrtha tosnaithe ar shraith de cháipéisí polasaí a dhréachtadh le cur os comhair na mball ag an chéad ollchruinniú eile ar 7 Márta . Beidh an teacht le chéile sin i dTeach na bPiarsach, Sráid an Phiarsaigh (11.00-15.00) agus beidh fáilte roimh gach duine a bheith páirteach in imeachtaí an lae.

Ar brath ar an díospóireacht an lá sin, beidh snas a chur ar na dréacht-pholasaithe sin agus cáipéisí agus aighneachtaí á leasú dá réir le bunús a chur faoinár gcomhráití leis na hinstitiúidi agus eagraíochtaí eile atá ag plé le saol na scríbhneoireacht in Éirinn.

Ina dhiaidh sin beidh  cruinniú á lorg againn le Foras na Gaeilge agus le RTÉ mar thús, féachaint cad is  féidir linn a bhaint amach idir seo agus deireadh na bliana. Iarrtar ar na baill macnamh a dhéanamh ar chuid de na téamaí atá le bheith faoi chaibidil ag an ollchruinniú agus beidh muid in ann ár gcomhairleacha a chur i gcionn a chéíle.

Eolas ó: gaelscriobh@gmail.com






No comments:

Post a Comment