Wednesday 23 September 2015

Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath
Ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair a bheidh an chéad teacht le chéile ag Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, fóram nua a thabharfaidh deis do scríbhneoirí cruthaitheacha saothar nua a chur i láthair a chéile agus a phlé. 
·         Cé a bheas ann? Filí agus scríbhneoirí próis de gach cineál, cuid acu ar foilsíodh saothar leo cheana, cuid eile nár fhoilsigh aon rud go dtí seo.
·         Cén modh oibre atá ann? Iarrtar ar údair cóipeanna clóite dá saothar a thabhairt leo le scaipeadh ar na rannpháirtithe eile. Beidh timpeall deich nóiméad ag gach duine dán nó sliocht a léamh os ard sula dtosóidh an plé. Conas a chuaigh sé i bhfeidhm ar na héisteoirí? An bhfuil moltaí ann chun feabhas a chur air?
·         Cén t-am? 7.30pm, Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2015. 
·         Cén áit? Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
Teagmháil: Antain Mac Lochlainn


Sunday 13 September 2015

Ceardlann


CEARDLANN NÁISIÚNTA
AN GEARRSCÉAL AGUS AN SPLANCSCÉAL
CLÓ IAR-CHONNACHT
 
Dáta: Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2015
 
Ionad: Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath
Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí
 
Stiúrthóirí na CeardlainneMicheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc
  
Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal nó sa splancfhicsean. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net  ROIMH an 24 Meán Fómhair 2015.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
 
Tuilleadh eolais:
Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathnach
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost: moccic@eircom.net
Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon 
 

Ról na nEalaíon sa Phleanáil Teanga

17ú, 18ú Meán Fómhair
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe

Friday 11 September 2015

Sparántacht Jack Harte


Spriocdháta do Sparántacht Jack Harte ag druidim linn, 25 Meán Fómhair.

Gach eolas ANSEO

Thursday 10 September 2015

Comórtas Uí Chonaire 2015



Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag eagrú Comórtas Uí Chonaire.
Is comórtas gearrscéalaíochta é seo do scríbhneoirí óga (faoi bhun 25 bliana d'aois) atá ag scríobh do léitheoirí sna déaga (15-18 bliana d'aois).

Príomhdhuais: €1,000
Dara duais: €400 
Tríú duais: €250

Is é 5.00i.n. Dé hAoine, 15 Nollaig 2015 an spriocdháta d’iontrálacha do Chomórtas Uí Chonaire.
Eolas ar fáil ó:
Peadar Mac Fhlannchadha Baba Ní Fhlatharta
 Áras na nGael, 
45 Sr. Doiminic, 
Gaillimh,
091 567824,
 oconaire@cnag.ie nó www.arasnangael.ie.

Tuesday 1 September 2015

Lá eolais do scríbhneoirí

Lá eolais in Ionad na Scríbhneoirí i gCearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath, 17ú Deireadh Fómhair 2015, mar chuid de IMRAM.
Tá seisiúin forbartha gairme curtha ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge, nua agus seanbhunaithe, chomh maith leo sin atá ag foilsiú sa Ghaeilge.
Beidh sé dírithe ar dheiseanna maoinithe agus tacaíochtascéimeanna scríbhneoirí cónaithe agus ar ghnó an aistriúcháin. Tabharfaid sé léargas fosta ar stáid na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair.
Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge
Clárú ANSEO