Thursday 3 December 2015

Cuaird Liteartha

Fógra ó Fhoras na Gaeilge:

Cuaird Liteartha do Mhiontheangacha agus do Theangacha Mionlaigh san Eoraip

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha/teanga i réigiúin Eorpacha agus tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh. Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

⦁    Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
⦁    Foras na Gaeilge (Éire)
⦁    X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
⦁    Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
⦁    Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

Tá an chéim ullmhúcháin den tionscadal ar siúl faoi láthair agus beidh an tionscadal féin á reáchtáil le linn na tréimhse 2016-2019.

Is iad croíchuspóirí an tionscadail:

⦁    Cuidiú an litríocht a scríobhtar i dteangacha neamhfhorleathana agus mionlaigh a chur in iúl níos faide i gcéin.
⦁    Béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga.
⦁    Solas a chaitheamh ar an bpróiseas cruthaitheachta liteartha.
⦁    Aird a tharraingt ar théamaí sóisialta, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le mionteangacha.
⦁    An comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i litríocht i mionteangacha agus teangacha mionlaigh. 

Is iad na príomhchodanna den tionscadal:

⦁    Socrúcháin: Seo croí an tionscadail, atá bunaithe ar mhalartú scríbhneoirí idir régiúin éagsúla. Cuirfidh gach réigiún rannpháirteach dhá scríbhneoir le socrúchán ocht seachtaine a chur isteach in dhá réigiún comhpháirtíochta i ngach ceann de na trí bliana, agus fáilteoidh gach réigiún chomh maith roimh dhá scríbhneoir gach bliain ó réigiúin chomhpháirtíochta. Beidh 10 scríbhneoir ar fad ag glacadh páirte gach bliain.

⦁    Tionscadail chruthaitheacha liteartha: Le linn na socrúchán beidh na scríbhneoirí ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, a mbeidh de thoradh orthu téacs liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach. Le cuidiú seo a bhaint amach glacfaidh na scríbhneoirí páirt i sraith tionscnamh le linn na socrúchán.  

⦁    Aistriúcháin: Mar a luadh cheana tá ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistreofar na téacsanna go léir a chruthófar le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall ar seo beimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

⦁    Suíomh Gréasáin: Foilseofar na saothair a chruthófar sa tionscadal Beste Hitzak/Focail Eile, agus an próiseas cruthaitheach féin, ar shuíomh saindeartha. Beidh an suíomh seo ina ardán le hábhar an tionscadail a scaipeadh. 

Tá comhpháirtithe sna réigiúin eile ag obair cheana féin ar fhorbairt an tionscadail. Sa chéad chéim phoiblí lainseálfar comórtas, glao oscailte, leis na scríbhneoirí is oiriúnaí le páirt a ghlacadh sa tionscadal a roghnú. Tá critéir don chomórtas foilsithe ar an suíomh gréasáin.

Is mian linn gach scríbhneoir a spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomórtas agus freagairt ar ár nglao oscailte. Is deis iontach é seo saothar liteartha a chruthú agus eolas a chur ar an bhfíorshaol i réigiún eile. Mar a luadh cheana, cónóidh na scríbhneoirí roghnaithe i réigiún eile ar feadh ocht seachtaine, le costais uile íoctha. Gheobhaidh siad luach saothair chomh maith.

Beidh níos mó socrúchán agus imeachtaí ann amach anseo, a fhógrófar ag an am cuí. Tabhair faoi deara go mbeidh na chéad socrúcháin do scríbhneoirí ann in earrach na bliana 2016.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig focaileile@forasnagaeilge.ie.

No comments:

Post a Comment