Monday, 15 February 2016

Fís na Fuiseoige



Scannán faisnéise uair an chloig é Fís na Fuiseoige a ríomhann an ceangal idir an duine agus an dúthaigh i bhfilíocht agus i seanchas na nGael.  Pléann an scannán leis an dáimh le dúthaigh atá ag muintir na hÉireann ar bhealach físiúil, rinneadh go leor den scannánaíocht ó fhís na fuiseoige le cabhair ochtacaptair.  Léirithe ag Aodh Ó Coileáin.

Taispeánfar an scannán don chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 24 Feabhra 2016 ag 18.15 sa Lighthouse Cinema, Téatar 3


Nuala Ní Dhomhnaill, Paddy Bushe, Biddy Jenkinson, Gearóid Mac Lochlainn, Louis de Paor agus eile


Saturday, 30 January 2016

Lá Idirnáisiúnta na mBan



8ú Marta. 
Lá Idirnáisiúnta na mBan. 
Críona Ní Dhálaigh, ArdMhéara

Tá ArdMhéara Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, ag cur Teach an ArdMhéara i Sráid Dásain, BÁC 2 ar fáil don phobal Gaelach ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.  Tá an Seomra Darach ar fáil, tá soláistí ar fáil, tá scríbhneoirí ar fáil.

Coinnígí an dáta sa dialann agaibh féin. 8ú Marta. Ag tosú ar a seacht trathnóna, ar an bpointe.

Tá IMRAM ag tacú leis an ócáid, beidh siad ag eisiúint eolais mar gheall ar an ócáid ina gcuid preasráitis.



Beidh Áine Durkin ag coinneáil smacht aran lucht éisteachta  agus ar an lucht léite ar an oíche.
Áine Durkin, file, blagadóir agus bean a' tí

Ar na mná a bheas ag léamh ar an oíche, beidh -
Éilís Ní Dhuibhne Almqvist
An t-úrscéalaí, drámadóir, agus scoláire, Éilís Ní Dhuibhne. Os cionn 25 leabhar foilsithe aici, idir úrscéalta, gearrscéálta, agus ábhar taighde. Múineann sí Scríbhneoireacht Cruthaíoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Ball de Aosdána agus Ambasadóir d'Áras na Scríbhneoirí.

Áine Ní Ghlinn
An scríbhneoir agus an file, Áine Ní Ghlinn. 26 leabhar scríofa aici. Dhá leabhar eile do pháistí ag teacht go luath - Hata Zú Mhamó (Cois Life) agis Hata Oisín (LeabhairCOMHAR).
Celia de Fréine
Celia de Fréine,  file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus aistritheoir. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad Cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann.
www.celiadefreine.com

Anna Heussaff

Anna Heussaff, úrscéalaí agus aistritheoir leabhar. Scáil an Phríosúin (CIC 2015) a tríú húrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta, é suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann; agus Hóng (CIC 2012), a dara úrscéal mistéire do léitheoirí óga. Tá sí ceaptha ina Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, don bhliain 2016. 
 
Éilís Ní Anluain

Éilís Ní Anluain. Colúnaí leis an Irish Times, eagarthóir le Ainm.ie.
Eagar curtha aici ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (An Clóchomhar, 2009) agus Creidim Fós agus Aistí Eile le Eoghan ó hAnluain (LeabhairComhar, 2013).
Údar an úrscéil Filleann Seoirse (Leabhar Breac, 2011).

Réaltán Ní Leannáin
Réaltán Ní Leannáin. Blagadóir, scríbhneoir. Údar 'Turas Ailse' (Coiscéim) agus 'Dílis' (Cló Iar-Chonnacht)

Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O Driscoll
Aisteoir, Stiúrthóir, Moltóir, Stiúrthóir Ealaíne an Damer. Léirmheasanna scríofa agus curtha i láthair ar an radio do dhrámaí ag an Project, an Focus, Amharclann na Mainistreach, Amharclann na Peacóige, Amharclann De hÍde, Amharclann an Geata. An Olympia, chomh maith le léirmheasanna do Féile Amharclainne Baile Átha Cliath.
Gearrscéalta, altanna agus léirmheasanna i Feasta,  altanna i  Sunday Miscellany.

Siún Ní Dhuinn
Is colúnaí í Siún Ní Dhuinn le Nósmag agus tá spéis faoi leith aici i gcúrsaí faisin sa bhfeimineachas comhaimseartha ach go háirithe. 


N.B. Mar gheall ar bhrú ama, ní bheidh aon 'open mike' ar siúl anois, ach na déantar dearmad go mbíonn a leithéid ar siúl ag @reic uair sa mhí. Gach eolas ó https://www.facebook.com/reic.eire

Agus beidh ceol curtha ar fáil -  ar bhonn deonach - ag Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin
.
Fionn Ó hAlmhain

Tuesday, 26 January 2016

Post ar fáil



EAGARTHÓIR COIMISIÚNAITHE LEABHAR

LeabhairCOMHAR 

Fáiltíonn Bord Stiúrtha COMHAR Teo. roimh iarratais don chúram seo ó Aibreán 2016 go Márta 2017 

Rinneadh athnuachan ar inphrionta leabhar na cuideachta, LeabhairCOMHAR, sa bhliain 2010.
Duine freagrach, fuinniúil, beoga, seifteach atáthar á iarraidh. 

Tá pacáiste eolais ar fáil ó: www.leabhaircomhar.com nó ó comhar.leabhair2016@gmail.com
 
Cuirtear litir iarratais, mar aon le CV, agus ráiteas físe an iarrthóra don inphrionta leabhar,
chuig an seoladh ríomhphoist comhar.leabhair2016@gmail.com roimh 5pm Dé Máirt 16 Feabhra 2016. 

Beidh agallaimh ar bun Luan 29 Feabhra 2016.

Duais de hÍde, 2016




Duais de hÍde 2016
Spriocdháta iontrála, 29 Eanáir 2016
Duaischiste: 1,000 euro
Moltóir: Eiléan Ní Chuilleanáin, file
 
Beidh Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí  ar siúl ón 29 Aibreán go dtí 1 Bealtaine 2016. Beidh suim ag an aos scríbhneoireachta i nDuais Filíochta Dhúbhglas de hÍde, céad uachtarán na hÉireann, a rugadh i nDún Gar i gCo. Ros Comáin in 1860, tamall beag de mhílte ó Bhéal na mBuillí.
 
Comórtas filíochta Gaeilge is ea Rannóg 2, Duais de hÍde. Dán neamhfhoilsithe Gaeilge, gan dul thar 70 líne, atá de dhíth. Duaischiste de €1,000 euro: an chéad duais €500, agus cúig dhuais thánaisteacha de €100. Beidh cuireadh ag na filí ar an ngearrliosta a gcuid dánta a léamh ag an bhféile.
 
Táille iontrála 5 euro. Dáta iontrála: 29 Eanáir. Rialacha & foirmeacha ag www.strokestownpoetry.org/
 
Bunaíodh Strokestown International Poetry Festival i 1999. Reáchtáiltear é ag tús na Bealtaine. I measc go leor eile, eagraítear comórtas idirnáisiúnta filíochta Béarla, comórtas le haghaidh véarsaíochta grinn, agus féachtar chuige go bhfaigheann scríbhneoirí Gaeilge a gceart i gcomórtas gradamúil. Foilsítear na gearrliostaí i mí Aibreáin.

Saturday, 2 January 2016

16ú Eanáir 2016


Dé Sathairn, 16 Eanáir 2016 

14.00-16.00

Ollchruinniú

 Seomra Cruinnithe, Taibhdhearc na Gaillimhe

16.30-18.00
Painéal Drámaíochta: Ag obair le Scríbhneoirí Gaeilge

Anne McCabe, Stiúrthóir na Taibhdheirce

Micheál Ó Mealaigh, Eagarthóir Coimisiúinithe, TG4.

Jessica Traynor, Eagarthóir Liteartha, Amharclann na Mainistreach




20.00-22.00

Oíche Shóisialta agus Litríochta 

Club Áras na nGael, 49 Sr. Doiminic, Gaillimh

fáilte roimh chách

Máire-Áine Ní Dhireáin – Bean Árainn (Nuascéalta)
Tadhg Mac Dhonnagáin –  Mise Raiftearaí, an Fíodóir Focal (Futa Fata)
Réaltán Ní Leannáin – Dílis (Cló Iar-Chonnacht)
Anna Heussaff - Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht)


Wednesday, 23 December 2015

Nua-Ealaín, Comórtas 2016

https://nuaealain.wordpress.com/
Cómórtas scríbhneoireachta ag https://nuaealain.wordpress.com/
- 400 focal
- léirmheas ar thaispeántas comhaimseartha ealaíne
- spriocdháta 24ú Eanáir 2016

Sonraí ANSEO



Tuesday, 22 December 2015

Fís 1916 - Comórtas Filíochta




Fógraíodh Comórtas Filíochta Idirnáisiúnta Thómais Mhic Dhonncha ar an téama  “Fís 1916”  .

Ar na moltóirí beidh Ann Cullen, Louis de Paor agus Ciarán Carty.

Beidh duais €1,000 agus bonn, deartha ag Robert Ballagh de Thomas Mac Donncha 1916. Beidh €500 agus €250 ar fáil don dara agus tríú duais.

Caithfidh lucht iontrála bheith os cionn 16 bliana.  Ní gá bheith i do chónaí in Éirinn.

Is féidir scríobh i mBéarla nó i nGaeilge, nó rogha teanga de inimircigh nua go hÉirinn (ach aistriúchán Béarla nó Gaeilge bheith leis).

Dáta deiridh iontrála Feabhra 29, 2016.
Tá táille iontrála ann.

Gach eolas ar fáil ar:

Thursday, 17 December 2015

16ú d'Eanáir 1916

Image result for an taibhdhearc

Cruinniú Cinn Bliana

16ú Eanáir 2016
An Taibhdhearc, Gaillimh

Gach eolas ó: cathalpoirteir (ag) gmail (ponc) com

Wednesday, 9 December 2015

AnamCara/Áras Scríbhneoirí na hÉireann 2016




SPARÁNACHTAÍ do SCRÍBHNEOIRÍ GAEILGE 
in IONAD ANAM CARA

Deis le seachtain a chaitheamh i dtearmann do scríbhneoirí ar leithinis Bhéarra



Tá sparánacht ar fáil do bheirt scríbhneoirí Gaeilge seal seachtaine an duine a chaitheamh i mbun oibre in Anam Cara, tearmann do scríbhneoirí agus ealaíontóirí atá lonnaithe ar leithinis Bhéarra in iarthar Chorcaí. Is mar chomhpháirtíocht idir Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus tearmann Anam Cara atá an deis iontach seo ar tairiscint, agus clúdófar costais lóistín agus béilí in Anam Cara. Beidh an bheirt a roghnófar in ann an tréimhse seachtaine a oirfidh dóibh féin agus don tearmann a shocrú.
Beidh fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann agus ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin próis nó filíochta leo as Gaeilge ag foilsitheoir aitheanta.

Iarratais:
Is ar ríomhphost amháin a ghlacfar le hiarratais agus iad le seoladh chuig director@writerscentre.ie. Ba chóir 'Anam Cara/IWC Bursaries a bheith ar líne an ábhair.

Le seoladh:
·              Litir ghairid dhátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla) ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta agus ráiteas gonta faoina bhfuil ar intinn agat mar shaothar ealaíne le linn an ama in Anam Cara.
·              Curriculum Vitae atá chun dáta (i nGaeilge i mBéarla, dhá lch. A4 ar a mhéid) agus sonraí foilseachán agus ISBNs ann.
·              Samplaí de do shaothar le tamall anuas agus iad marcáilte go soiléir (i nGaeilge, suas le trí shampla ar fad, agus uaslíon 300 focal iontu)
·              Eolas eile a bhaineann leis an tionscadal: mar shampla, sleachta, grianghraif, nótaí taighde &rl (i nGaeilge i mBéarla)
·              NÓTA: Bíodh na míreanna seo thuas cuimsithe in aon cheangaltán amháin, le do thoil.

Spriocdháta
Is é 25 Eanáir 2016 ag 5pm an spriocdháta. Ní ghlacfar le haon iarratas ina dhiaidh sin.

 Cuirfear admháil ar rphost chuig gach iarratasóir.

Próiseas roghnúcháin
Cuirfear na hiarratais faoi bhráid choiste roghnúcháin a bheidh ionadaíoch ar Bhord Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus ar Anam Cara. Cuirfear litir chuig an mbeirt iarratasóirí a roghnófar faoi 8 Feabhra 2016.

Thursday, 3 December 2015

Cuaird Liteartha

Fógra ó Fhoras na Gaeilge:

Cuaird Liteartha do Mhiontheangacha agus do Theangacha Mionlaigh san Eoraip

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha/teanga i réigiúin Eorpacha agus tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh. Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

⦁    Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
⦁    Foras na Gaeilge (Éire)
⦁    X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
⦁    Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
⦁    Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

Tá an chéim ullmhúcháin den tionscadal ar siúl faoi láthair agus beidh an tionscadal féin á reáchtáil le linn na tréimhse 2016-2019.

Is iad croíchuspóirí an tionscadail:

⦁    Cuidiú an litríocht a scríobhtar i dteangacha neamhfhorleathana agus mionlaigh a chur in iúl níos faide i gcéin.
⦁    Béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga.
⦁    Solas a chaitheamh ar an bpróiseas cruthaitheachta liteartha.
⦁    Aird a tharraingt ar théamaí sóisialta, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le mionteangacha.
⦁    An comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i litríocht i mionteangacha agus teangacha mionlaigh. 

Is iad na príomhchodanna den tionscadal:

⦁    Socrúcháin: Seo croí an tionscadail, atá bunaithe ar mhalartú scríbhneoirí idir régiúin éagsúla. Cuirfidh gach réigiún rannpháirteach dhá scríbhneoir le socrúchán ocht seachtaine a chur isteach in dhá réigiún comhpháirtíochta i ngach ceann de na trí bliana, agus fáilteoidh gach réigiún chomh maith roimh dhá scríbhneoir gach bliain ó réigiúin chomhpháirtíochta. Beidh 10 scríbhneoir ar fad ag glacadh páirte gach bliain.

⦁    Tionscadail chruthaitheacha liteartha: Le linn na socrúchán beidh na scríbhneoirí ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, a mbeidh de thoradh orthu téacs liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach. Le cuidiú seo a bhaint amach glacfaidh na scríbhneoirí páirt i sraith tionscnamh le linn na socrúchán.  

⦁    Aistriúcháin: Mar a luadh cheana tá ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistreofar na téacsanna go léir a chruthófar le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall ar seo beimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

⦁    Suíomh Gréasáin: Foilseofar na saothair a chruthófar sa tionscadal Beste Hitzak/Focail Eile, agus an próiseas cruthaitheach féin, ar shuíomh saindeartha. Beidh an suíomh seo ina ardán le hábhar an tionscadail a scaipeadh. 

Tá comhpháirtithe sna réigiúin eile ag obair cheana féin ar fhorbairt an tionscadail. Sa chéad chéim phoiblí lainseálfar comórtas, glao oscailte, leis na scríbhneoirí is oiriúnaí le páirt a ghlacadh sa tionscadal a roghnú. Tá critéir don chomórtas foilsithe ar an suíomh gréasáin.

Is mian linn gach scríbhneoir a spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomórtas agus freagairt ar ár nglao oscailte. Is deis iontach é seo saothar liteartha a chruthú agus eolas a chur ar an bhfíorshaol i réigiún eile. Mar a luadh cheana, cónóidh na scríbhneoirí roghnaithe i réigiún eile ar feadh ocht seachtaine, le costais uile íoctha. Gheobhaidh siad luach saothair chomh maith.

Beidh níos mó socrúchán agus imeachtaí ann amach anseo, a fhógrófar ag an am cuí. Tabhair faoi deara go mbeidh na chéad socrúcháin do scríbhneoirí ann in earrach na bliana 2016.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig focaileile@forasnagaeilge.ie.

Monday, 26 October 2015

Citywest, Satharn 31 Deireadh Fómhair



Beidh ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge i Citywest, Baile Átha Cliath maidin Dé Sathairn 9.30-11.00. 
Beidh fáilte roimh bhaill nua agus is féidir clárú leis an chisteoir ag an doras.


Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge – ag cothú na cruthaitheachta

Ní gá go mbeadh saol an scríbhneora aonaránach. Bí páirteach linn sa chomrádaíocht a thagann as comhairle agus taithí a roinnt le chéile chun  saol an scríbhneora Gaeilge a éascú. 
 
Tá fáilte roimh gach scríbhneoir a shaothraíonn sa Ghaeilge in Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, a bunaíodh in 2015 le freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag údair ó cheann ceann na tíre. Cuireann an tAontas roimhe comhoibriú le dreamanna eile le scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt agus a seasamh a ardú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

De réir a chéile, le do chuidiú, beidh muid in ann seirbhísí éagsúla a thairiscint: gréasán cumarsáide agus eolais a sholáthar, bunachair sonraí a choinneáil faoi dheiseanna maoinithe  agus faoi fhorbairt ghairmiúil. Déanann an tAontas ionadaíocht thar ceann na scríbhneoirí agus idirbheartaíocht le foilsitheoirí agus institiúidí cultúrtha éagsúla atá tábhachtach do shaothar an scríbhneora Gaeilge.  

Gréasán cumarsáide agus sóisialta do scríbhneoirí
Eolas faoi dheiseanna maoinithe – sparánachtaí, scéimeanna cónaithe srl 
Rátaí íocaíochta cuí agus cearta a bhaint amach do scríbhneoirí
Lacáistí do bhaill ar chúrsaí agus ar imeachtaí éagsúla
Ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí a saothar a léamh agus a phlé
Forbairt suíomh idirlín do bhaill
Idirbheartaíocht le heagrais agus institiúidí 
Réiteach plécháipéisí agus aighneachtaí

Tá aighneachtaí scríofa agus curtha i láthair RTÉ agus Foras na Gaeilge agus cáipéisí eile á réiteach do TG4, Oireachtas na Gaeilge agus do na Comhairlí Ealaíon. Tá ról anois againn i bhfeidhmiú scéimeanna éagsúla, ar nós ócáidí Leabharlanna, a thugann deiseanna do scríbhneoirí dul os comhair an phobail.

Tá an tAontas rannpháirteach in Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus lacáistí ar fáil ag na baill do chúrsaí agus imeachtaí eile ansin agus cead cur isteach ar sparánacht Jack Harte in Ionad Tyrone Guthrie. Le breis tacaíochta agus comhoibriú leis na heagrais eile i ngort na litríochta agus i saol na Gaeilge, beidh muid ag cur leis na buntáistí ballraíochta agus leis na seirbhísí a chuireann an tAontas ar fáil.

Bíonn ollchruinniú ann ceithre huaire sa bhliain, a thugann deis do na baill ábhair éagsúla a bhaineann le saol an scríbhneora a phlé agus tuairimí na scríbhneoirí a chur os comhair lucht riaracháin  agus maoinithe i saol na litríochta. Tugtar ardán d’údair saothar nua a léamh go poiblí agus saothar litríochta a phlé go neamhfhoirmeálta.

Tugann Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge  cuireadh duitse a bheith páirteach san obair seo, is cuma cén cineál scríbhneora tú, úrnua nó seanbhunaithe, ag scríobh don chló nó don scáileán, ag plé le ficsean nó neamhfhicsean nó ag scríobh aistí nó scéalta do pháistí. Is féidir linn a bheith ag cuidiú agus ag foghlaim óna chéile. Ní neart go cur le chéile. 
 

Sunday, 4 October 2015

Duais Filíochta Aurivo/North West Words/Ealaín na Gaeltachta 2015

Micheál Mac Aoidh (Ealain na Gaeltachta) -Breid Lindsay & Gary O'Donnell (Donegal Creameries) Nick Griffiths & Annmarie Gallagher (North West Words)


Duais Filíochta Aurivo 2015, i gcomhar le North West Words agus Ealaín na Gaeltachta

Duais €250 agus Gradam Filíochta Aurivo le bronnadh ar an mbuaiteoir



Treoirlínte agus rialacha an chomórtais

Ní foláir gach iarracht a bheith ina saothar úrnua de chuid an iarratasóra féin agus ní foláir nár fhoilsíodh cheana é ach oiread; bíodh sna meáin nó féin-fhoilsithe. Ní ghlacfar le dánta a bhain gradam amach i gcomórtas roimhe seo. Ní mór go mbeidh an t- iarratasóir níos aosta ná 18 bliain d’aois.

Trí dhánta an t-uasmhéid a ghlacfar ó gach iarratasóir.

Seol d’iarratas chugainn agus cur litir clúdach leis. Bíodh d’ainm, sloinne, seoladh agus uimhir ghutháin agus/nó seoladh ríomhphoist ar an litir clúdach sin, mar aon leis teidil na ndánta. Ná chuir d’ainm nó aon shonraí pearsanta eile ar an leathanach/leathanaigh atá na dánta scríofa orthu.
Caithfear na dánta a bheith faighte roimh an spriocdháta. Sé sin an Aoine 27 Samhain, 2015

Gearrfar táille €5 ar gach iarratas (uasmhéad 3 dhán). Eagraíocht neamhbhrabach is ea North West Words agus de dheasca sin, rachaidh an airgead a bhaileofar i dtreo na gcostas a bhaineann le riarachán an chomórtais. Ní íocfar táille leis an scríbhneoir.

Níl cead aon leasuithe a dhéanamh tar-éis do na hiarratais a bheith déanta. Ní seolfar na hiarratais ar ais chuig an iarratasóir.

Is é Seán Tadhg Ó Gairbhe moltóir an chomórtais i mbliana. Seasann gach rogha agus cinnidh a dhéanann na moltóirí agus ní cheadfar aon teagmháil nó chumarsáid leo maidir le cinnidh an chomórtais. Cuirfear amach as an iomaíocht aon iarratasóir a dhéanann iarracht teagmháil a dhéanamh leis na moltóirí.

Roghnófar gearrliosta ar an 21/22 Nollaig, 2015. Foilseofar an gearrliosta sin ar leathanach Facebook North West Words agus ar chlár fógraí Chafé Blend, Leitir Ceanainn. Reáchtálfar babhta ceannais an chomórtais i gCafé Blend, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar an Déardaoin 28 Éanair, 2016; áit a fhógrófar an buaiteoir agus a bhronnfar na nduaiseanna. Cuirfear an buaiteoir ar an eolas roimh an dáta sin.

Má ndéantar iarratas, glactar leis go nglacann an t-iarrasóir le rialacha agus coinníollacha an chomórtais.

Íocaíocht: Paypal ( gabh chuig http://northwestwords.com/ ), nó seic nó ordú poist.ordú airgid.

Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Micheál Mac Aoidh ag 074 9558025.





Wednesday, 23 September 2015

Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath
Ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair a bheidh an chéad teacht le chéile ag Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, fóram nua a thabharfaidh deis do scríbhneoirí cruthaitheacha saothar nua a chur i láthair a chéile agus a phlé. 
·         Cé a bheas ann? Filí agus scríbhneoirí próis de gach cineál, cuid acu ar foilsíodh saothar leo cheana, cuid eile nár fhoilsigh aon rud go dtí seo.
·         Cén modh oibre atá ann? Iarrtar ar údair cóipeanna clóite dá saothar a thabhairt leo le scaipeadh ar na rannpháirtithe eile. Beidh timpeall deich nóiméad ag gach duine dán nó sliocht a léamh os ard sula dtosóidh an plé. Conas a chuaigh sé i bhfeidhm ar na héisteoirí? An bhfuil moltaí ann chun feabhas a chur air?
·         Cén t-am? 7.30pm, Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2015. 
·         Cén áit? Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
Teagmháil: Antain Mac Lochlainn


Sunday, 13 September 2015

Ceardlann


CEARDLANN NÁISIÚNTA
AN GEARRSCÉAL AGUS AN SPLANCSCÉAL
CLÓ IAR-CHONNACHT
 
Dáta: Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2015
 
Ionad: Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath
Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí
 
Stiúrthóirí na CeardlainneMicheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc
  
Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal nó sa splancfhicsean. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net  ROIMH an 24 Meán Fómhair 2015.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
 
Tuilleadh eolais:
Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathnach
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost: moccic@eircom.net
Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon