Duais de hÍde 2016
Spriocdháta iontrála, 29 Eanáir 2016
Duaischiste: 1,000 euro
Moltóir: Eiléan Ní Chuilleanáin, file
Beidh Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí ar
siúl ón 29 Aibreán go dtí 1 Bealtaine 2016. Beidh suim ag an aos
scríbhneoireachta i nDuais Filíochta Dhúbhglas de hÍde, céad uachtarán
na hÉireann, a rugadh i nDún Gar i gCo. Ros Comáin in 1860, tamall beag
de mhílte ó Bhéal na mBuillí.
Comórtas filíochta Gaeilge is ea Rannóg 2, Duais
de hÍde. Dán neamhfhoilsithe Gaeilge, gan dul thar 70 líne, atá de
dhíth. Duaischiste de €1,000 euro: an chéad duais €500, agus cúig dhuais
thánaisteacha de €100. Beidh cuireadh ag na filí ar an ngearrliosta a
gcuid dánta a léamh ag an bhféile.
Táille iontrála 5 euro. Dáta iontrála: 29 Eanáir. Rialacha & foirmeacha ag www.strokestownpoetry.org/
Bunaíodh Strokestown International Poetry
Festival i 1999. Reáchtáiltear é ag tús na Bealtaine. I measc go leor
eile, eagraítear comórtas idirnáisiúnta filíochta Béarla, comórtas le
haghaidh véarsaíochta grinn, agus féachtar chuige go bhfaigheann
scríbhneoirí Gaeilge a gceart i gcomórtas gradamúil. Foilsítear na
gearrliostaí i mí Aibreáin.
No comments:
Post a Comment