Scannán faisnéise uair an chloig é Fís na Fuiseoige
a ríomhann an ceangal idir an duine agus an dúthaigh i bhfilíocht agus
i seanchas na nGael. Pléann an scannán leis an dáimh le dúthaigh atá
ag muintir na hÉireann ar bhealach físiúil, rinneadh go leor den scannánaíocht
ó fhís na fuiseoige le cabhair ochtacaptair. Léirithe ag Aodh Ó Coileáin.
Taispeánfar an scannán don
chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 24
Feabhra 2016 ag 18.15 sa Lighthouse Cinema, Téatar 3