8ú Marta.
Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Críona Ní Dhálaigh, ArdMhéara |
Tá ArdMhéara Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, ag cur Teach an ArdMhéara i Sráid Dásain, BÁC 2 ar fáil don phobal Gaelach ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá an Seomra Darach ar fáil, tá soláistí ar fáil, tá scríbhneoirí ar fáil.
Coinnígí an dáta sa dialann agaibh féin. 8ú Marta. Ag tosú ar a seacht trathnóna, ar an bpointe.
Tá IMRAM ag tacú leis an ócáid, beidh siad ag eisiúint eolais mar gheall ar an ócáid ina gcuid preasráitis.
Agus Seachtain na Gaeilge
Beidh Áine Durkin ag coinneáil smacht aran lucht éisteachta agus ar an lucht léite ar an oíche.
Áine Durkin, file, blagadóir agus bean a' tí |
Ar na mná a bheas ag léamh ar an oíche, beidh -
Éilís Ní Dhuibhne Almqvist |
Áine Ní Ghlinn |
Celia de Fréine |
www.celiadefreine.com
Anna Heussaff |
Anna Heussaff, úrscéalaí agus aistritheoir leabhar. Scáil an Phríosúin (CIC 2015) a tríú húrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta, é suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann; agus Hóng (CIC 2012), a dara úrscéal mistéire do léitheoirí óga. Tá sí ceaptha ina Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, don bhliain 2016.
Éilís Ní Anluain |
Éilís Ní Anluain. Colúnaí leis an Irish Times, eagarthóir le Ainm.ie.
Eagar curtha aici ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac
Conghail (An Clóchomhar, 2009) agus Creidim Fós agus Aistí Eile le
Eoghan ó hAnluain (LeabhairComhar, 2013).
Údar an úrscéil Filleann Seoirse (Leabhar Breac, 2011).Réaltán Ní Leannáin |
Réaltán Ní Leannáin. Blagadóir, scríbhneoir. Údar 'Turas Ailse' (Coiscéim) agus 'Dílis' (Cló Iar-Chonnacht)
Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O Driscoll |
Aisteoir, Stiúrthóir, Moltóir, Stiúrthóir Ealaíne an Damer. Léirmheasanna scríofa agus curtha i láthair
ar an radio do dhrámaí ag an Project, an Focus, Amharclann na
Mainistreach, Amharclann na Peacóige, Amharclann De hÍde, Amharclann an
Geata. An Olympia, chomh maith le léirmheasanna do Féile Amharclainne
Baile Átha Cliath.
Gearrscéalta, altanna agus léirmheasanna i Feasta, altanna i Sunday Miscellany.
Siún Ní Dhuinn |
N.B. Mar gheall ar bhrú ama, ní bheidh aon 'open mike' ar siúl anois, ach na déantar dearmad go mbíonn a leithéid ar siúl ag @reic uair sa mhí. Gach eolas ó https://www.facebook.com/reic.eire
Agus beidh ceol curtha ar fáil - ar bhonn deonach - ag Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin
. |
Fionn Ó hAlmhain |
Lá Idirnáisiúnta na mBan!
ReplyDeleteAg súil go mór leis... beidh mé ann!
ReplyDelete