8ú Marta.
Lá Idirnáisiúnta na mBan.
|
Críona Ní Dhálaigh, ArdMhéara |
Tá ArdMhéara Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, ag cur Teach an ArdMhéara i Sráid Dásain, BÁC 2 ar fáil don phobal Gaelach ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá an Seomra
Darach ar fáil, tá soláistí ar fáil, tá scríbhneoirí ar
fáil.
Coinnígí an dáta sa dialann agaibh féin. 8ú Marta. Ag tosú ar a seacht trathnóna, ar an bpointe.
Tá IMRAM ag tacú leis an ócáid, beidh siad ag eisiúint eolais mar gheall ar an ócáid ina gcuid preasráitis.
Beidh
Áine Durkin ag coinneáil smacht aran lucht éisteachta agus ar an lucht léite ar an oíche.
Ar na mná a bheas ag léamh ar an oíche, beidh -
|
Éilís Ní Dhuibhne Almqvist |
An t-úrscéalaí, drámadóir, agus scoláire, Éilís Ní Dhuibhne. Os cionn 25 leabhar
foilsithe aici, idir úrscéalta, gearrscéálta, agus ábhar taighde.
Múineann sí Scríbhneoireacht Cruthaíoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Ball de Aosdána agus Ambasadóir d'Áras na Scríbhneoirí.
|
Áine Ní Ghlinn |
An scríbhneoir agus an file, Áine Ní Ghlinn. 26 leabhar scríofa aici. Dhá leabhar eile do pháistí ag teacht go luath - Hata Zú Mhamó (Cois Life) agis Hata Oisín (LeabhairCOMHAR).
|
Celia de Fréine |
Celia de Fréine, file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus aistritheoir. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad
Cuir amach seo dom :
riddle me this (Arlen House, 2014),
Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus
A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann.
www.celiadefreine.com
|
Anna Heussaff |
Anna
Heussaff, úrscéalaí agus aistritheoir leabhar. Scáil an Phríosúin (CIC
2015) a tríú húrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta, é suite i gceantar
stairiúil Chill Mhaighneann; agus Hóng (CIC 2012), a dara úrscéal
mistéire do léitheoirí óga. Tá sí ceaptha ina Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste
Phádraig, Droim Conrach, don bhliain 2016.
|
Éilís Ní Anluain |
Éilís Ní Anluain. Colúnaí leis an Irish Times, eagarthóir le Ainm.ie.
Eagar curtha aici ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac
Conghail (An Clóchomhar, 2009) agus Creidim Fós agus Aistí Eile le
Eoghan ó hAnluain (LeabhairComhar, 2013).
Údar an úrscéil Filleann Seoirse (Leabhar Breac, 2011).
|
Réaltán Ní Leannáin |
Réaltán Ní Leannáin. Blagadóir, scríbhneoir. Údar '
Turas Ailse' (Coiscéim) agus
'Dílis' (Cló Iar-Chonnacht)
|
Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O Driscoll |
Aisteoir, Stiúrthóir, Moltóir, Stiúrthóir Ealaíne an Damer. Léirmheasanna scríofa agus curtha i láthair
ar an radio do dhrámaí ag an Project, an Focus, Amharclann na
Mainistreach, Amharclann na Peacóige, Amharclann De hÍde, Amharclann an
Geata. An Olympia, chomh maith le léirmheasanna do Féile Amharclainne
Baile Átha Cliath.
Gearrscéalta, altanna agus léirmheasanna i Feasta, altanna i Sunday Miscellany.
|
Siún Ní Dhuinn |
Is colúnaí í Siún Ní Dhuinn le
Nósmag agus tá spéis faoi leith aici i gcúrsaí faisin sa bhfeimineachas comhaimseartha ach go háirithe.
N.B. Mar gheall ar bhrú ama, ní bheidh aon 'open mike' ar siúl anois, ach na déantar dearmad go mbíonn a leithéid ar siúl ag @reic uair sa mhí. Gach eolas ó
https://www.facebook.com/reic.eire
Agus beidh ceol curtha ar fáil - ar bhonn
deonach - ag Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin
. |
Fionn Ó hAlmhain |