Tuesday, 1 September 2015

Lá eolais do scríbhneoirí

Lá eolais in Ionad na Scríbhneoirí i gCearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath, 17ú Deireadh Fómhair 2015, mar chuid de IMRAM.
Tá seisiúin forbartha gairme curtha ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge, nua agus seanbhunaithe, chomh maith leo sin atá ag foilsiú sa Ghaeilge.
Beidh sé dírithe ar dheiseanna maoinithe agus tacaíochtascéimeanna scríbhneoirí cónaithe agus ar ghnó an aistriúcháin. Tabharfaid sé léargas fosta ar stáid na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair.
Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge
Clárú ANSEO
  

Thursday, 13 August 2015

Comórtas Jonathan Swift, Teach Sagard

Comórtas Jonathan Swift

Spriocdháta d'iarrataisí: 30 Deireadh Fómhair
Filíocht (uasmhéid: 45 líne)
Prós (uasmhéid: 1,500 focal)


Níl suíomh idirlín ag Comórtas Jonathan Swift go fóill ach tá mionsonraí ar Facebook acu.
Cuireann siad fáilte roimh iarrataisí i nGaeilge.




Monday, 10 August 2015

Comórtas Scríbhneoireachta Mhanchain


http://www.milg.org.uk/writingprize.html



Gearrscéalta agus Filíocht

1. Caithfidh gach iontráil bheith i nGaeilge. Is féidir teangacha eile a chur san áireamh i gcomhthéacs an scéal.
2. Is é an 1 Deireadh Fómhair 2015 spriocdháta an chomórtais
3. Tá uasteorainn 2500 focal.
4. Tá sé ar oscailt do scríbhneoirí as aon áit.


Gach eolas eile ANSEO

Sunday, 2 August 2015

Féile Ealaíon Mhanchain


http://www.milg.org.uk/index.html


Mar a leanas na rialacha den chomórtas scríbhneoireachta ag Féile Ealaíon Manchain 2015:


1. Caithfidh gach iontráil bheith i nGaeilge. Is féidir teangacha eile a chur san áireamh i gcomhthéacs an scéal.

2. Is é an 1 Deireadh Fómhair 2015 spriocdháta an chomórtais.

3. Tá uasteorainn 2500 focal.

4. Tá sé ar oscailt do scríbhneoirí as aon áit.

5. Tá cead agat níos mó ná gearrscéal / dán amháin a bheith san iomaíocht agat ach is gá do gach iontráil a bheith lena fhoirm iarratais.

6. Is gá do gach iontráil a chlóscríobh

7. Ba cheart an chatagóir (prós nó filíocht) a léiriú go soiléir ar an fhoirm iontrála.

8. Ní ceadmhach scéalta a leasú nó a mhalartú tar éis duit iad a chur isteach ar an chomórtas.

9. Is gá gur saothar úrnua, neamhfhoilsithe a bheadh ann agus gan é a bheith faoi mheas ag aon fhoilseachán eile.

10. Beidh na hiontrálacha a bhreithniú gan ainm; ná scríobh d'ainm ar do scéal nó dhán.

11. Níl dul thar bhreith an mholtóra agus ní bheidh comhfhreagras ina taobh.



N.B.
Is gá an méid thíos a chóipeáil agus a thathú le haon iarracht a chuirfear faoi bhráid na moltóirí (níl an fhoirm seo le fáil ar an suíomh idirlín i láthair na huaire): 




Manchester Irish Language Group
Promoting the Irish language and an awareness of Irish culture regardless of gender, age, ethnicity, race, disability, sexuality or religion.


Manchester Irish Language Writing Prize 2015



Name / Ainm : ___________________________________________________________

Address / Seoladh : _______________________________________________________

Phone number / Uimhir Fón: ________________________________________________

Email / R-Phost: __________________________________________________________


Title of entry / Teideal an iontráil:

_____________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________


Indicate which competition you wish to enter / Cuir tic leis an gcomórtas is mian leat a chur isteach:

Prós / Prose            
Filíocht / Poetry.       □

I give permission for my entry to be published on the MILG website :  






Signed / Síniú: ___________________________________________________________


Date / Dáta : ___________________________



Friday, 10 July 2015

Comórtas Splancfhicsin



Comórtas Splancfhicsin – i gcomhair le Áras Scríbhneoirí na hÉireann, IMRAM agus iris Books Ireland
400 focal splancfhicsin (i nGaeilge). 
Duais: €100 agus foilseofar an cúigear is fearr in iris Books Ireland, taobh le cúig scríbhneoir aitheanta Gaeilge: 
  • Alan Titley
  • Antain Mac Lochlainn
  • Caitríona Ní Chléirchín
  • Mícheál Ó Ruairc
  • Orna Ni Choileán
Spriocdháta: Dé hAoine, 31 Iúil 2015
- Ní mór iontrálacha a bheith i bhfoirm Word document nó PDF agus seolta mar ríomhphost chuig events@writerscentre.ie faoin líne ábhair 'Comórtas Splancfhicsin'
- Níl aon teorann ar mhéid na n-iontrálacha ó gach iarrthóir. Níl aon téama ar leith leagtha síos. 
Le cabhair ó Fhoras na Gaeilge



Sunday, 7 June 2015

Ollchruinniú




Ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge,
Dé Sathairn 13 Meitheamh 2015,
Áras an Chonartha,
6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.


1500 -1630 Cruinniú gnó
1630-1800 Painéal ar Scríbhneoireacht don Teilifís
Celia de Fréine
 Aindrias Ó Cathasaigh
Darach Mac Con Iomaire
2000-2100 Léamh ó Shaothar Nua: Micheál Ó Conghaile, Seán Mac Mathúna, Irene Lynch, Seosamh Ó Murchu agus Míchéal Ó Ruairc.
2100-2300 Comhrá agus caint neamhfhoirmiúil


Foirm chlárúcháin


Ainm

Seoladh poist


Ríomhphost

Fón (baile)
Fón póca


Táille bhallraíochta €20/£15 □ €10/£7.50 □
(cuir tic sa bhosca cuí)


Síntiús breise (más mian) €/£ _____________________________________



Tá mé toilteanach cloí le rialacha an Aontais mar a mhínítear sa bhunreacht iad.



Dáta ___________________

Síniú ____________________________

Is féidir an fhoirm líonta a sheoladh le seic go Cathal Póirtéir, 7 Coillte Ráth Mhíchíl, An tSeanchill, Baile Átha Cliath 18.
(Beidh an táille iníoctha go cuntas an Aontais go leictreonach go luath.)

Monday, 11 May 2015

IMRAM



Tá iarratas againn ó Liam Carson, stiúrthóir Imram, an fhéile litríochta Gaeilge.
Tá Imram ag eagrú roinnt ócáidí litríochta Gaeilge agus dátheangacha mar chuid d'Fhéile Idirnaisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath agus ba mhaith linn a chinntiú go mbíonn freastal maith ar na hócáidí Gaeilge. Muna dtagann daoine, beidh leithscéal ann gan imeachtaí Gaeilge a bheith acu amach anseo.
Cuirimis i gcuimhne chomh maith go mbeidh cruinniú d'Aontas na Scríbhneoirí ar siúl ar 13 Meitheamh 2015.
Má tá aon ábhar a ba mhaith le baill an Aontais a phlé ag an chéad ollchruinniú eile (13 Meitheamh), cuir chugam go luath iad le bhur dtoil. Tá súil againn aoíchainteoir a bheith againn an lá, mar aon leis an chruinniú oifigiúil agus le hócáid liteartha/sóisialta san oíche.
Cuirfear clár an chruinnithe amach seachtain roimh ré nó mar sin.